Tá taifead ag Roinn Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath de chainteoir dúchais Gaeilge as Cill Chainnigh chomh maith agus táthar ag súil go mbeidh sé seo ar fáil le héisteacht ag an bpobal amach anseo.

Táthar ann a cheapann gur le cósta iarthair na tíre amháin a bhaineann an Ghaeilge ach léiríonn an méid atá bailithe le chéile anseo gur cuid d’oidhreacht na hÉireann uilig í.

Measann muid go gcabhróidh an leathanach seo le daoine nasc a dhéanamh in athuair le hoidhreacht Ghaeilge a gceantar féin.

Má tá aon tuairimí nó moltaí agat faoin leathanach seo nó má tá eolas agat faoi oidhreacht Ghaeilge do cheantair, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ach rphost a sheoladh chuig colm@nuacht.com

Tá cóipcheart iomlán ag Acadamh Ríoga na hÉireann ar thaifeadtaí Doegen agus ní féidir iad a úsáid ar bhealach ar bith gan chead ón Acadamh.